An rud nach bhfuil greanta i gcloch, tá
sé greanta i gcuimhne na ndaoine, arbh cleachtas í ó cheart, agus ceird ag
daoine áirithe. Scríobh mé cheana anseo faoi fhidléar, Michael Brabson, a mhair
san 18ú aois déag i gCill Éinne. Baineann blag na míosa seo le fidléar as Cill
Mhuirbhigh a mhair os cionn céad bliain ó shin. B’é sin Maidhc Wallace a rugadh
c.1886. Bhí teach a mhuintire ar an láthair chéanna is atá Tí Uí Chonghaile
anois, teach mo sheanmhuintirse. Inniu, i mbinn theas an tí úd, tá crois álainn
chloiche a ghearr Maidhc. Go deimhin, tá lorg a lámh mar shaor cloiche ar fud
an bhaile. Is é a ghearr an tobar in éadan na haille ag Gleainnín an Tairbh
agus freisin an bád sa leac os cionn Tobar an Dúin chomh maith lena ainm agus a
ghairm: “M. WALLACE, FISHCURER.” Bhí cáil ar Mhaidhc as a neart agus as a
chumas ag caitheamh meáchain agus ag imirt liathróid láimhe. Shiúladh sé féin
agus Johnny Mhicil Sheáin Eoghain Ó Conghaile soir chuig pinniúr Chill Éinne le
dhul san iomaíocht agus deirtear gur bhuaigh siad Craobh Chonnachta. Cloisim freisin
go seinneadh sé an t-amhrán Coinleach
Glas an Fhómhair.
Tobar Ghleainnín an Tairbh, Cill Mhuirbhigh An tríú cuid idir an dá bhuicéid |
I 1916, tháinig oifigeach earcaíochta airm
go hÁrainn. Caitheadh oíche chinniúnach Tí Johnston – áit dá raibh baraille portair
á roinnt, deirtear – agus, lá arna mhárach, bhí Maidhc agus ceathrar eile as
Fearann a’ Choirce, Gort na gCapall, Cill Mhuirbhigh agus Creig a’ Chéirín
liostáilte. Sular fhág sé an t-oileán, chroch Maidhc bogha na fidle ar tháirne
os cionn na tine agus dúirt lena mháthair nár cheart d’aon duine eile lámh a
leagan air.
Ní mhaireann fianaise dá sheal san airm
i Reisimint Laighin, ach tá mé den bharúil gur ghlac sé páirt i gCath Guillemont, ceann de Chathanna an Somme. Ar an 4 Meán Fómhair, gortaíodh Maidhc
sa bholg nuair a bhuail píosa de shliogán faoi. Cé is móite d’iarrachtaí na
ndochtúirí ag an No.21 Casualty Clearing Station ag La Neuville, bhásaigh
Maidhc go moch ar maidin ar an 5 Meán Fómhair 1916. Chuir an tAth. J. Crotty an
ola dheireanach air agus ansin scríobh seisean litir chuig máthair Mhaidhc ag
inseacht di faoina bhás. Ach bhí a fhios aicise cheana féin, deirtear, go rud
éigin cearr: an mhaidin sin, thit an bogha den táirne os cionn na tine.
Is iad Pádraig Gillan, Mícheál Tom
Burke Ó Conghaile, agus Seán Ó Conghaoile (nach maireann) a roinn liom formhór
an eolais thuas. Tá mé buíoch dóibhsean agus don Dr. Marion Broderick a roinn
liom an grianghraf a ghlac sí le gairid ag uaigh Mhaidhc i Reilig La Neuville
in aice le Corbie i dTuaisceart na Fraince. Chuir sí féin agus a fear Máirtín
Mac Giolla Pháraic bláthfhleasc ar a uaigh chomh maith le cloch dhuirlinge ar a
raibh ‘Árainn’ scríofa agus bratach na hÉireann péinteáilte agus, ar deireadh,
cuimilteán dá ainm a thóg a mac Rónán ón leac i gCill Mhuirbhigh. Is é Pádraig
Gillan, a bhfuil gaol aige le Maidhc, a thug aire na huibhe don litir a seoladh
go hÁrainn ón Somme.
*
That which is not memorialized in stone
lives on in community memory, which is, by rights, a practice and, for some
people, a craft. I wrote before about the fiddler Michael Brabson who lived in
the 18th century in Cill Éinne. This month’s blog concerns a fiddler
from Cill Mhuirbhigh who lived over a hundred years ago. Mike Wallace was born
c.1886 and his family home stood on the site now occupied by my grandparents’
home, Tí Uí Chonghaile. Today, the gable of that house contains a beautiful
stone cross that Mike carved. Indeed, his stonework can be seen throughout the
townland. It was he who carved from the face of the cliff the three-part well
at Gleainnín an Tairbh [The Little Valley of the Bull] and also the unfinished boat
in the flagstone above Tobar an Dúin [The Well of the Fort] along with his name
and occupation: “M. WALLACE, FISHCURER.” Mike was known for his strength and
ability at throwing a shotput and also at handball. He and Johnny Mhicil Sheáin
Eoghain Ó Conghaile used to walk to the alley in Cill Éinne to compete and it
is said that they won a Connacht title. Mike was also known for performing the
song Coinleach Glas an Fhómhair.
In 1916, a British Army recruiting
officer came to Árainn. A fateful night was spent in Tí Johnston – with a
barrel of porter, apparently – and, the following morning, Mike and four others
from Fearann a’ Choirce, Gort na gCapall, Cill Mhuirbhigh and Creig a’ Chéirín found
they had been enlisted. Before he left the island, Mike hung his fiddle bow on
a nail above the fireplace and told his mother no one else should touch it.
Mike’s military record from his time in
the Leinster Regiment does not survive, but I reckon that he participated in
the Battle of Guillemont, one of the Battles of the Somme. On 4 September, Mike
was wounded in the abdomen when he was struck by a shell. Despite the efforts
of the doctors at the No.21 Casualty Clearing Station at La Neuville, Mike
passed away on the morning of 5 September 1916. Fr. J. Crotty performed the
last rites and then wrote a letter to Mike’s mother telling her of his passing.
But she already knew, it is said: that same morning, Mike’s bow fell from the
nail above the fireplace.
Most of this information was contributed by Pádraig Gillan, Mícheál Tom Burke Ó Conghaile, and the late Seán Ó Conghaoile. I am grateful to them and to Dr. Marion Broderick who shared with me the photograph she took at Mike’s grave in the British Army war graves cemetery at La Neuville near Corbie in Northern France. She and her husband Máirtín Mac Giolla Pháraic placed a poppy wreath on the grave, along with a stone with the word ‘Árainn’ and an Irish flag painted on it and also a rubbing of Mike’s carving of his own name in the flagstone in Cill Mhuirbhigh, produced by their son Rónán. It was Mike’s relative, Pádraig Gillan, who for so long cared for the letter that was sent to Aran from the Somme.