Thursday, November 29, 2012

Dara Beag Ó Fátharta (7 Iúil 1920–30 Deireadh Fómhair 2012)


“Nuair a thiteann laoch, ardaíonn sé deannach na mblianta cróga;
Nuair a thiteann laoch, lasann sé lóchrann inár gcroíthe.”

Sin mar a d’fhág an scríbhneoir Dara Ó Conaola slán ag a uncail, file aitheanta Inis Meáin Dara Beag Ó Fátharta nó Dara Beag Dara Pheigín Mhicil Mhichíl Mháire mar a d’aithin sé féin, ar ócáid a shochraide siúd ar an 3 Samhain seo caite. Rith an dá líne thuas le Dara sna laethannta idir bás agus adhlacadh Dhara Bhig agus, díreach i ndiaidh dó ceann de dhánta an fhile a léamh ón altóir, thograigh sé a loinneog a roinnt leis an slua a bhí cruinnithe. Má nochtaigh an loinneog a thuairim phearsanta ar bhás a fhear gaoil, nochtaigh a rogha dáin – An AerstráiceAer Árann mar a thugann roinnt oileánach air – an imní is mó atá ar phobal Árann inniu: is í sin go gcaillfear an tseirbhís aeir go trí oileáin Árann go luath mar gheall ar chiorruithe atá á bheartú ag an rialtas. Tá mé cinnte de, dá n-eireódh leis an bhfile a bheith beo ar a shochaid fhéin, gurb ionann an rogha a bheadh déanta aigesean. Duanmholadh ní ba fheiliúnaí ní fhéadfaí a shamhlú, duanmholadh a lean comhairle an fhir fhéin: “Caithfidh an file breathnú roimhe mar go mairfidh an chaint.”

Dúinne a chuireann spéis sna hamhráin agus sa bhfilíocht phobail, nochtann an eachtra seo nithe eile go géar agus go grinn: is iad sin feidhm na filíochta pobail, feidhm na n-amhrán, feidhm na hamhránaíochta, agus feidhm an fhile, agus cé chomh beo is atá na feidhmeanna sin go fóill in Árainn agus in Éirinn. Ina dhán, rinne Dara Beag comóradh ar theacht Aer Árann agus mheabhraigh don bpobal na hathruithe a bhí rompu de bharr tuirlingt na n-eitleán. Ansin, ar a shochraid, bhronn mac deirfiúra leis deis air chun cur lena dhán trí fainic a chur orainne a d’éist faoi scuabadh na n-eitleán céanna. An lá úd i séipéal Inis Meáin, mhair caint an fhile, agus spreag sí an comhluadar a chaith an lá inné i mbun feachtasaíochta ag tarraingt ar rialtas na tíre i mBaile Átha Cliath lena n-imní faoin tseirbhís aeir a léiriú agus leis an cás a phlé le polaiteoirí.

Is léir, mar sin, nárbh aon chur i gcéill an méid a mhínigh Dara Beag do Sheán Ó Cualáin: “Inis Meáin m’áit agus mo pharlús.” Is léir go raibh, mar a tuigeadh do Bhreandán Feirtéar, “cúram a dhúchais air.” Chuidigh an réimse leathan buanna a bhí aige – a mheabhair, a ionraiceas, a uaisleacht, a dhea-chaint, a dheaslámhacht, agus a chuid filíochta – chuidigh siad leis a chúram a chur de; ach, b’í an fhílíocht ach go háirithe a bhronn air an t-ardán a bhí tuillte aige, ardán gur ghlac sé seilbh iomlán údarásach shnasta air.
“Ar airigh tú caint ar Aer Árann
Nó an féidir go bhfuil tú gan treoir?

Ar an turas breá lae aoibhinn álainn
Go hÁrainn na Naomh is na seod.
[...]
Nach ansiúd a bhéas an gliondar is croitheadh láimhe
Roimhe dhaoine a thiocfas anall.
Ach silfear na deora go fras ann
I ndiaidh imeacht gan filleadh go brách.”

*

“When a hero falls, he raises the dust of the brave years;
When a hero falls, he lights a blaze in our hearts.”

That is how the writer Dara Ó Conaola bid farewell to his uncle, the famed poet of Inis Meáin Dara Beag Ó Fátharta or Dara Beag Dara Pheigín Mhicil Mhichíl Mháire as he himself styled, on the occasion of his funeral on 3 November last. The lines came to Dara in the days between Dara Beag’s death and burial and, as he read one of the poet’s compositions from the altar, he chose to share his refrain with the congregation. If the refrain revealed his personal response to the death of his relative, his choice of song – The Airstrip or Aer Árann as it is known to some islanders – revealed the greatest cause of concern to the local community today: that is the imminent threat of losing the air service to the three Aran islands because of budget cuts that are currently being considered by the government. I am certain that, if the poet had lived to witness his own funeral, his choice would have been the same. It was the perfect eulogy, one that followed the man’s own advice: “The poet must look ahead because talk endures.”

For us who live with songs and with folk poetry, this episode brings some other aspects into sharp focus: the purpose of the people’s own poetry, the purpose of songs, of singing, and of the poet, and how vital these causes are still in Aran and in Ireland. In his poem, Dara Beag commemorated the creation of Aer Árann and drew the community’s attention to the changes brought by the arrival of the planes. There, at his funeral, his nephew gave him the opportunity to add to his poem by warning those of us who listened about the removal of those same planes. That day in the church in Inis Meáin, the poet’s talk endured, and it inspired the group who campaigned in Dublin yesterday to highlight their concern for their air service and to discuss it with politicians.

Dara Beag was clearly being truly honest with Seán Ó Cualáin when he said “Inis Meáin is my place and my parlour.” He was, as Breandán Feirtéar understood, “the custodian of his heritage.” His wide range of talents – his intelligence, honesty, dignity, eloquence, his skill with his hands, and his poetic ability – helped him to carry out his duty, but it was his poetry in particular that gave him the platform he richly deserved, a platform he duly commanded with absolute authority and artistry.

“Have you heard talk of Aer Árann
Or can it be that you have been misguided?

On the fine journey of a delightful, beautiful day
To Aran of the Saints and the jewels.
[...]
There will be joy there and the shaking of hands
Of people who will come across.
But tears will be shed there in cascades
In the wake of leaving without ever returning.”