Céibh Chill Éinne, Árainn |
Rugadh
Máire Ní Dhioráin i gCill Éinne ar 15 Aibreán 1922, duine de bheirt iníon a saolaíodh
do Mhaidhcilín ‘Wallace’ Ó Dioráin (d.1975) agus do Mháirín Ní Bhriain (1896-1967).
B’amhránaí agus boscadóir í Máirín agus b’amhránaithe agus filí a
deartháireacha Pádraigín, Antaine, agus Teaimín. Mhínigh mé mí Aibreán seo caite gur éirigh le Máire amhrán a bhí cumtha
ag Teaimín, Amhrán na Feola
(CBÉ S1A: 103-106), a bhreacadh uaidh ar son Bhailiúchán na Scol 1937-9. Chuidigh an taithí seo léi i 1945 nuair a tháinig
Séamus Mac Aonghusa chomh fada léi-se agus lena muintir i samhradh na bliana úd
ag bailiú amhrán. Faoi Mháire, scríobh Mac Aonghusa:
Duairt sí órán ar báll dúinn – “B’ait liom bean a d’imreóchadh beart” (“Peigí Mistéal”) agus fonn an-áluinn aice leis, agus go deivin níor thada a áilneacht le h-ais an ghlóir cinn atá aig Máire fhéin. ‘Sí is breaghtha chuala mé go dtí seo bhfuil glór aice (CBÉ 1297: 27).
Déarfainn
gurb é Mac Aonghusa a spreag Máire chun aghaidh a thabhairt ar an Oireachtas i
mBaile Átha Cliath, agus freisin – is dóigh liom – ar na comórtais ardáin a bhí
ar bun ar feadh seachtaine in Amharclann na Mainistreach ón 20 Deireadh Fómhair
ar aghaidh. Mo léan, ní mhaireann fianaise a chruthódh go raibh Máire san
iomaíocht. Ní ainmnítear ach seisear den deichniúr ban a chan. Is í Máire Ní
Cheocháin as Cúil Aodha a thug léi an bua agus b’í Treasa Ní Mhaoilchiaráin as
Ruisín na Maithniach a thug léi an dara duais. B’iad Sorcha Ní Ghuairim agus
Dinny Pháidí Duncaí Ó Baoighill na moltóirí.
Ba
nós le Mac Aonghusa agus lena chomhghleacaithe i gCoimisiún Béaloideasa Éireann
iomaitheoirí an Oireachtais a thabhairt isteach chun na hoifige ar mhaithe le
hamhráin a thaifead uathu. Ar phlátaí aicéatáite, thóg Mac Aonghusa ceithre
amhrán ó Mháire: Is Tusa Mo Rún (is é sin An Páistín Fionn), Siúil
a Rúin, Peigí Mistéal, agus
Cúirt Bhaile Nua (CBÉ CT0260). Seo chugaibh véarsa uaithi (Cnuasach Béaloideas Éireann CT0260; Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn,
Co. na Gaillimhe. Bailitheoir: Séamus Mac Aonghusa, 24 Deireadh Fómhair 1945).
I
1950, léirigh Mac Aonghusa an athuair a mheas ar amhránaíocht Mháire nuair a
thug sé deis don bailitheoir cáiliúil ceoil Alan Lomax cóip dá thaifead féin a
chruthú. Tá fáil anois ar an dubáil sin ar shuíomh an Association for Cultural Equity. Ní fios go fóill má mhaireann aon taifead eile d’amhránaíocht Mháire. I
1946, chuaigh sí ar imirce go Sasana, áit dá raibh sí ag obair ar feadh seal ag
dochtúir i Learpholl. Phós sí Lesley Arnsby, agus d’éag ar 30 Samhain 2007.
*Féach
Ríonach uí Ógáin eag. ‘Mise an fear ceoil’: Séamus Ennis – Dialann Taistil
1942-1946. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2007.
*
As the
national Irish-language festival Oireachtas na Gaeilge takes place this week in
Killarney, Co. Kerry, I am reminded of the singers of Aran who have attended
the festival and competed in its events since 1897. Of those, Treasa Ní
Mhiolláin of Sruthán, Árainn, is the best-known singer for winning Corn Uí
Riada twice in 1972 and 1979. This blogpost introduces another woman from
Árainn, who attended Oireachtas na Gaeilge in 1945, and shares a recording of
her singing. I believe she was the first islander to compete in the stage
competitions.
Máire
Ní Dhioráin was born in Cill Éinne on 15 April 1922, one of two daughters born
to Maidhcilín ‘Wallace’ Ó Dioráin (d.1975) and Máirín Ní Bhriain (1896-1967). Máirín
was a singer and accordion-player and her brothers Pádraigín, Antaine, and Teaimín
were singers and poets. I mentioned in April’s blog how Máire transcribed from
Teaimín one of his compositions, Amhrán
na Feola (NFC S1A: 103-106), for the School’s Scheme of 1937-9. This
experience stood to her in the summer of 1945 when Séamus Ennis came to collect
songs from her and her family. Of Máire, Ennis wrote (my translation):
She later said a song for us – “Strange to me a woman who would play a move [trick]” (“Peggy Mitchell”) and she had a very beautiful air to it, and indeed her beauty was nothing to the singing voice Máire herself has. She has the finest voice I have heard yet.
I
surmise that Ennis suggested Máire attend Oireachtas na Gaeilge in Dublin and
that she compete in the stage competitions that ran all week in the Abbey Theatre from 20 October onwards. Unfortunately, there is no evidence to prove
that she did, in fact, compete. Only six of the ten competitors in the women’s
competition are named. Máire Ní Cheocháin of Cúil Aodha won first prize and Treasa
Ní Mhaoilchiaráin of Ruisín na Maithniach won second prize. Sorcha Ní Ghuairim and
Dinny Pháidí Duncaí Ó Baoighill adjudicated.
Ennis
and his colleagues at the Irish Folklore Commission regularly brought
Oireachtas competitors to their office in order to record them. On acetate discs, Ennis captured parts of four songs from Máire: Is Tusa Mo Rún (that
is, An Páistín Fionn), Siúil a Rúin, Peigí Mistéal, and Cúirt Bhaile Nua (NFC
CT0260). Presented above is one verse from her (National
Folklore Collection CT0260;
Máire Ní Dhioráin (23), Cill Éinne, Árainn, Co Galway. Collector: Séamus Ennis,
24 October 1945.).
In
1950, Ennis expressed his admiration for Máire’s singing once again when he
enabled the famous music collector Alan Lomax to copy his recording of her.
That dubbed recording is now available on the Association for Cultural Equity website. It is not yet known whether there are any other surviving recordings
of Máire’s singing. In 1946, she emigrated to England, where she worked for a
time for a doctor in Liverpool. She married in Lesley Arnsby and died on 30
November 2007.
*See
Ríonach uí Ógáin ed. Going to the
Well for Water: The Séamus Ennis Field Diary 1942-1946. Cork: Cork University Press, 2009.